Ranganna Gaeilge do Mhúinteoirí

Tá áthas ar Ionad Oideachais Mhuineacháin a fhógairt go mbeimid ag cur tús le sraith ranganna comhrá Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile amháin, a thosnófar sa chéad seachtain de mhí Dheireadh Fómhair. Tá na ranganna á chur ar fáil againn i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge agus beidh dhá leibhéal i gceist, bunaithe ar chóras TEG- Leibhéal A2 TEG (Bunleibhéal 2) agus Leibhéal B1 TEG (Meánleibhéal 1). Tá tuilleadh eolais faoi chóras TEG ar fáil anseo: https://www.teg.ie/leibh%C3%A9il-teg.171.html.

Beidh na ranganna, atá saor in aisce, ar siúl ar líne uair amháin sa tseachtain agus beidh deis ag na múinteoirí tabhairt faoin scrúdú TEG agus cáilíocht a bhaint amach ag deireadh an chúrsa. Chun páirt a ghlacadh, níl ort ach an fhoirm Google seo a líonadh agus í a chur ar aghaidh chugainn anseo san Ionad Oideachais.

Leave Comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *